Main content

Giota Níos Mó (10)

Irish language learning series Giota Níos Mó. The folks of Barr na Sráide opt for yoga to get healthy. Learn more about local place names and digest another seanfhocal.

Have a look at some of the key phrases in Episode 10 and try them out in your own time.

Ithim torthaí. - I eat fruit.
Ní ithim seacláid. - I don’t eat chocolate.
Ithim glasraí ach ní ithim milseáin. - I eat vegetables but I don’t eat sweets.
Ólaim uisce ach ní ólaim caife. - I drink water but I don’t drink coffee.
Éistim le ceol ach ní éistim leis an nuacht. - I listen to music but I don’t listen to the news.
Amharcaim ar an teilifís ach ní amharcaim ar an nuacht - I watch television but I don’t watch the news.
Éirím go luath ar an Satharn ach ní éirím go luath ar an Domhnach. - I get up early on Saturday but I don’t get up early on Sunday.
Tuigim. - I understand.
Ní thuigim. - I don’t understand.

Tuigim ‘Slán’ ach ní thuigim ‘dochreidte’. - I understand ‘goodbye’ but I don’t understand ‘unbelievable’.
Tuigim ‘coirnéal’ ach ní thuigim ‘off-side’. - I understand ‘corner’ but I don’t understand ‘off-side’.
Tuigim Bríd ag caint Gaeilge ach ní thuigim Hiúdaí ag caint Gaeilge. - I understand Bríd speaking Irish but I don’t understand Hiúdaí speaking Irish.
Tuigim ‘Pythagoras’ ach ní thuigim ‘Trigonometry’. - I understand ‘Pythagoras’ but I don’t understand ‘Trigonometry’.

Ní thuigim. - I don’t understand.
Ní shiúlaim. - I don’t walk.
Ní cheannaím. - I don’t buy.
Ní shuím. - I don’t sit.

Seanfhocal Chlár 10:

Is maith an t-anlann an t-ocras. - Hunger is a great sauce.

Dáta Scaoileadh:

Fad:

13 nóiméad