Main content

Pádráig Ó Mianáin

Labhraíonn an Dr Padraig Ó Mianáin le Máire Bhreathnach faoin fhoclóir nua Béarla-Gaeilge a sheol Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn sa Ghailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath le deanaí. Is é seo an chéad fhoclóir náisiúnta Béarla-Gaeilge ó foilsíodh de Bhaldraithe in 1959 agus tá sé ar cheann de na tionscadail is mó riamh ag Foras na Gaeilge.
Is iarchéimí de chuid Ollscoil Uladh é Pádraig, áit a raibh sé ina léachtóir le Gaeilge fosta. D’oibrigh sé mar aistritheoir leis an Chomhairle Churaclaim, Scrúdúcháin agus Mheasúnaithe i dTuaisceart Éireann agus bhí sé ina eagarthóir agus ina bhainisteoir san Áisaonad, i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. Bhí sé fosta mar bhall d’fhoireann eagarthóireachta an Collins Gem Irish Dictionary agus an Collins Pocket Irish Dictionary agus tá sé ina bhall den Choiste Téarmaíochta.

Dáta Scaoileadh:

Fad:

9 nóiméad

Seo gearrthóg ó

Faoi thrácht in...